Exit

Físeán

 Próifíl

Rugadh agus tógadh Barry Britton i nDún na nGall, áit a bhfuil formhór a shaoil caite aige ina áit dhúchais, Ros Neamhlach, gar don trá galánta  órga, ag éisteacht le fuaim na dtonnta Atlantacha. Tar éis roinnt blianta a chaitheamh ar deoraíocht i mBaile Átha Cliath sna seachtóidí, áit a raibh gairm rathúil san ailtireacht ag glaoch air, sa bhliain 1978 d’éalaigh sé ón ardchathair agus leag sé dúshraith tí ar fheirm a athar atá ag breathnú amach ar Loch Durnish i Ros Neamhlach. Tá sé ansin go fóill!

 

Tháinig surfáil go Ros Neamhlach i lár na seascaidí le caoinchead mháthair Barry a fuair cúpla tonnchlár do na haíonna a thagadh chuig a hóstán cois na trá. Bhí smaointe eile ag a cúigear mac óg, áfach: chomh luath agus a leag siad súil ar na cláir ghlac siad seilbh orthu ar mhaithe le spraoi a bheith acu san fharraige leo. Faoi 1968, bhí sé tugtha faoi deara ag athair Barry chomh maith, ‘The Boss’, go raibh féidearthachtaí ag an spórt nua seo. D’ainmnigh sé beár an óstáin, ‘Surfers Bar’ and chuir sé tús leis an gcéad Chomórtas Surfála Idirchontae atá fós ag dul ar aghaidh inniu gach Deireadh Fómhair, chun deireadh an tséasúir a cheiliúradh.

 

Ar dtús, dhear Conor, deartháir le Barry, na póstaeir ach timpeall 1973, bhí Conor as baile ag staidéar bainistíocht óstáin agus thit sé ar Barry póstaer na bliana sin a dhearadh. Tá sé á ndéaradh go fóill! Tá go leor acu  ar taispeáint sa  siopa ‘Local Hands’ i mBéal Átha Seannaigh agus is féidir iad a cheannach ansin nó ón suíomh gréasáin seo. Thar na blianta, tharraing siad clú agus cáil agus tá tóir orthu inniu mar earraí inbhailithe.

 

Dá bharr seo, fuair Barry coimisiún, ag tús na mílaoise nua, póstaeir a dhearadh do mhórimeachtaí surfála áirithe in Hawaii – na comórtais surfála is mó le rá sa domhan. Chun iad sin a fheiceáil, téigh go ‘Prints’ ar an suíomh gréasáin  seo nó go stiúideo Britton & Daughters, i Ros Neamhlach, i rith an tsamhraidh. Bíonn an t-ealaíontóir féin ansin san iarnóin, Máirt go Satharn. Ná bí ag tnúth leis, áfach, má tá an ‘surf up’: beidh sé ‘Gone Surfing’ don lá ar fad!

 

Is fada an lá ó 1980 nuair a bhí grúpa ag baint suilt as cúpla pionta pórtair sa teach tábhairne, Tigh Sheáin Óig, i mBéal Átha Seannaigh; bhí an chraic go hiontach agus, sula raibh a fhios ag Barry cad a bhí ag tárlú,  bhí gealltanas faighte ag Anthony Travers uaidh go ndéanfadh sé ‘an aul poster’ le haghaidh an Ballyshannon Folk Festival. Ta stádas íocónach bainte amach ag na póstaeir sin anois agus glacann ceoltóirí leis mar onóir mhór a bheith roghnaithe mar ábhar phóstaer na bliana sin. Tugann Barry a thallann saor in aisce don fhéile ach is féidir na póstaeir a cheannach ón suíomh gréasáin seo, ag a stiúideo agus i Local Hands. Chun níos mó faisnéise a fháil, téigh go www,ballyshannonfolkfestival.com . Bíonn taispeántas dá bhunsaothair ag Barry san Abbey Centre i rith na féile gach bliain, téann an-chuid daoine chuige agus is seans maith é bunsaothar uaidh i bpeann agus dúch a phiocadh suas.

 

Tírdhreacha Ceilteacha, saorlíníochtaí den fharraige mhór, ceoltóirí traidisiúnta agus radhairc shurfála a bhíonn mar ábhar i bpriontaí dubha agus bána Barry, nach gcuirtear ar fáil go forleathan. In ealaín Barry, is tréith aitheantais iad móitífeanna Ceilteacha agus pictiúir laistigh de phictiúir a éilíonn grinnstaidéar. Is féidir leis imir a chur ar phrionta de réir mar a ordaítear.

 

Tá rogha de na bunsaothair is deireanaí óna pheann agus dúch ar taispeáint i nGailearaí Mountcharles Art, ar an mbóthar idir Dún na nGall agus Na Cealla Beaga.  Tá sé iontach sásta  coimisiúin do líníocht phinn agus dhúigh den uile shórt a thógáil – portráidí nó radhairc ar leith (nó an dá rud le chéile!)

 

Fón: 086 8728770 | Ríomhphost: barrybrittondesign@gmail.com

Póstaeir Canoeing

Póstaeir Ceoil

Póstaeir Surf

Priontaí

Teagmháil

Do Ainm (riachtanach)

Do Ríomhphost (riachtanach)

Táirge

Faoi réir

Do Teachtaireacht (riachtanach)

Le do thoil Líon isteach Cad Féach tú Anseo (riachtanach)

captcha

Close
Go top